Cuir deireadh le fiosrú eachtraí na dTrioblóidí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tArd Aighne ó thuaidh, John Larkin, go mba cheart deireadh a chur le fiosrú eachtraí a tharla roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Mar aon le bheith ag cur deireadh lena macasamhail ba cheart teacht ar bhealach chun go gcuirfí doiciméid stáit agus eolas atá faoi cheilt i láthair na huaire a chur ar fáil do ghaolta, do stairithe, d’iriseoirí agus do lucht taighde.

Chuir Matt Baggott, Ard Chonstábla an PSNI, fáilte roimh an ráiteas. Tá sé ag teacht ar a lán bealaí leis an tuairim a nocht Matt Baggott roimhe seo nuair a mhaígh sé go bhfuil an costas a bhaineann le fiosrú eachtraí na Trioblóidí ag cur brú millteanach ar bhuiséad an PSNI.

Chuir an SDLP, Amnesty International, Coimisiún Cearta Daonna an Tuaiscirt, an iarOmbudsman péas ó thuaidh, Nuala O’Loan, Jim Allister, an Tanáiste Eamonn Gilmore, agus go leor eile a míshásamh, mór nó beag, in iúl faoin mholadh. Mhaígh an DUP go mba ionann é agus pardún a bheith ann do ‘lucht sceimhle’ agus go mbeadh siad i gcoinne a macasamhail. Agus mhaígh Sinn Féin go bhfuil pardún ann cheana féin ag na daoine sin in arm na Breataine, san SAS, RUC srl a mharaigh daoine le linn na dtrioblóidí. Mhaígh siad arís eile go mba cheart go mbeadh próiseas idirnáisiúnta athshlánú na staire ann agus gur cheart don dá rialtas a macasamhail a eascú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-22 00:20:47

Admin/login Comments RSS

ILBF