Cuimhneachán Bliantúil Bhuamáil Hiroshima, 6ú Lúnasa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Cuimhneachán Bliantúil Bhuamáil Hiroshima, 6ú Lúnasa*


Beidh Cuimhneachán Bliantúil Bhuamáil Hiroshima ar siúl Dé Céadaoin seo
chugainn, 6ú Lúnasa, ar 1.05 i.n., i bPáirc Chearnóg Mhuirfean, Baile Átha
Cliath 2, cothrom naoi mbliana is seasca ó phléasc an chéad bhuama
núicléach ar chathair Hiroshima na Seapáine.



Eagraíonn an Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach (*Irish CND*) an Cuimhneachán
gach bliain. Meastar gur mharaigh an buama 80,000 go díreach, agus go
bhfuair tuairim is 140,000 bás le linn bliana de bharr a ngortuithe.



Osclóidh Leas-Ardmhéara Átha Cliath Larry O’Toole an searmanas, agus
tabharfaidh an t-Uas. Naoki Yoshimura, Céad-Rúnaí Ambasáid na Seapáine in
Éirinn, chomh maith le hUachtarán *Irish CND*, an Canónach Patrick
Comerford, óráidí gearra freisin. Casfaidh ceoltóirí traidisiúnta ón
Seapáin agus ó Éirinn ceol machnamhach le haghaidh na hócáide, agus leagfar
fleasc ag an gcrann silíní a chuir *Irish CND* i 1980 mar chuimhneachán beo
ar íospartaigh an bhuamála. Beidh ionadaithe ó roinnt ambasáidí eile i
láthair freisin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:19:12

Admin/login Comments RSS

ILBF