Cuidiú ón Aerchóir d’othar óg

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ráiteas – 29 Márta, 2014 10.50 pm*

 

Aerárthach othar go Heathrow Londain a bhí criticiúil ó thaobh ama t

Ag 4.30 pm fuair an tOifigeach Aerchóir ar Dualgas iarratas Tosaíocht 1 chun othar óg a thabhairt as an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Aerleighis chuig ospidéal i Londain. Rinneadh teagmháil láithreach le criú an aerárthaigh sciatháin dho-bhogtha a bhí faoi réir agus cuireadh tús leis an misean a phleanáil nó go raibh an tAerárthach Patróil Muirí CASA réidh le himeacht le dul go Londain ag 5.55 pm. Bhí an t-aerárthach, ar ‘Irish 252′ a comhartha aitheantais, in Heathrow díreach tar éis an 9pm agus tugadh an t-othar ar bóthar chuig ospidéal i Londain agus bhí ann laistigh den am a bhí leagtha amach. Bhí eitilt na hoíche anocht ar an 22ú aerárthach othar idir ospidéil ar thug Óglaigh na hÉireann fúthu i mbliana.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:54:27

Admin/login Comments RSS

ILBF