Cuardach do choirp i ndiaidh tubaiste loinge amach ó chósta an Choiré Theas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Is ag cuardach corp atáthar anois dúirt urlabhraí amháin inniu agus an cuardach ag dul ar aghaidh ar an long a chuaigh béal faoi amach ó chósta an Choiré Theas inné.

Bhí thart faoi 470 duine ar bord an ‘Sewol’, long a dtig 900 duine a iompar gan stró. Tharla an tubaiste agus iad trí uair a chloig ar shiúil ó oileán Jeju. Turas 14 uair a bhí i gceist. Bíodh is  go ndearnadh breis agus 100 duine a thógáil slán tá corradh is 300 duine ar iarraidh go fóill agus an dóchas ag trá go bhfaighfear beo iad.

Daltaí scoile cuid mhór de na paisinéirí agus bhí radharcanna úafáis ann de réir mar a tháinig tuismitheoirí ar an eolas faoin ar tharla. Deir na húdaráis go bhfuil dóchas ann go bhfaighfear roinnt de na daoine atá ar iarraidh istigh in aerphóca taobh istigh den long ach glacann siad leis go bhfuil baol ann go rachaidh an líon marbh in airde go mór inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:19:40

Admin/login Comments RSS

ILBF