Cú Chulainn’s Challenge ar fáil le híoslódáil saor in aisce ón App Store

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cú Chulainn’s Challenge san App Store

 

 

Tá Cú Chulainn’s Challenge anois ar fáil le híoslódáil saor in aisce ón App Store. Cluiche eachtrúil do pháiste atá i nDúshlán Chú Chulainn a amharcann ar oidhreacht shaibhir Cheilteach Eamhain Mhacha. Tá an aip ar fáil i mBéarla chomh maith leis an Ghaeilge agus úsáideann sé físeáin le laochscéalta Setanta agus Chú Chulainn a insint.

Áit lán finnscéalta í Eamhain Mhacha a raibh laochra ina gcónaí ann. Ach tá trioblóid roimh laochra Eamhain Mhacha – tá Rí Conchúr Mac Neasa agus an Chraobh Rua faoi gheasa ag barr Eamhain Mhacha. Is é an laoch mór Cú Chulainn an t-aon duine atá in inmhe cuidiú leo éalú, ach tá Cú Chulainn ar shiúl i mbun troda!

 

An dtig leat sé cheann de na nithe is luachmhaire le Cú Chulainn a aimsiú atá faoi cheilt fa Eamhain Mhacha? Más féidir leat, gheobhaidh tú do nirt agus do ghliceas ar ais le geis Mhacha a bhriseadh agus le Conchúr agus a chuid fear a ligint saor.

Ach ní bheidh sé furasta, tá spiairí agus saighdiúirí Bhanríon Méabha thart ar an áit agus déanfaidh siadsan iarracht arm agus uirlisí Chú Chulainn a bhaint díot dóibh féin.

 

 

Cuideoidh Cathbhadh an draoi, d’anamchara ón domhan eile, cuideoidh sé leat leis an mhisean, bain úsáid as an léarscáil leis an sé ni a aimsiú agus Banríon Méabh a chloí agus Rí Conchúr a ligint saor.cu cuchalin

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:39:06

Admin/login Comments RSS

ILBF