Cruinniú eigeandála POBAL

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Foras na Gaeilge: lárnú na n-acmhainní i mBÁC, deireadh le maoiniú do POBAL, Altram, Iontaobhas Ultach agus Forbairt Feirste,

Déardaoin 30 Eanáir 2014 ar 7 a chloig

Seomra RS062, Coláiste Naomh Muire, Bóthar na bhFál

Tá POBAL ag reáchtáil an chruinnithe poiblí seo le deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus a lucht tacaíochta amharc ar impleachtaí na gcinntí a d’fhógair Foras na Gaeilge ar 17.1.14. An lá sin, d’fhógair Foras gur roghnaigh sé 6 eagras le hobair a dhéanamh i 6 réimse oibre. Níl oiread is eagras amháin do na 6 ‘ceanneagrais’ lonnaithe ó thuaidh. Cuirfidh Foras deireadh le bunmhaoiniú do na heagrais uilig eile, 30 Meitheamh 2014.

Ag an chruinniú, beidh seans ag POBAL, Altram, Iontaobhas Ultach agus Forbairt Feirste cur síos a dhéanamh ar impleachtaí chinntí an Fhorais dóibh agus beidh deis le ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ar an chéad chéim eile.  Tuilleadh eolais: 028 90 438132

- See more at: http://www.nuacht24.com/nuacht/cruinniu-eigeandail-pobal/#sthash.tX5qFDP7.dpuf

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 07:43:57

Admin/login Comments RSS

ILBF