Cruinniú den Chomhaireacht inniu, Páirtí Parliminte Pháirtí an Lucht Oibre Dé Céadaoine, cáineadh ar Gilmore

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Atheagar na Comhaireachta a bheidh ar na ceisteanna is práinní a bheidh faoi chaidibil agus an Comhrialtas inniu ag iarraidh aisfhreagra a thabhairt ar an treascairt a tugadh don dá pháirtí rialtais sna toghcháin. Tá Eamonn Gilmore go mór faoi bhrú mar gheall ar an díothú a rinneadh ar Pháirtí an Lucht Oibre ach tabharfar guth don míshásamh sin nuair a bheidh an Páirtí Parliminte ag bualadh le chéile Dé Céadaoine Ar maidin áfach dúirt Fergus Finlay gur gá do Eamonn Gilmre agus an páirtí dianmhachnamh a dhéanamh faoin ar tharla cé nach raibh sé sásta tuairim a nocht faoi cé acu ar cheart do Eamonn Gilmore éirí as nó gan éirí as. Dar leis má chreideann Páirtí an Lucht Oibre nach raibh ann ach go raibh an drochádh orthu go bhfuil todhchaí an pháirtí go dona ar fad. Ach níor chuir am Seanadóir Sean Whelan oiread de shrian air féin. Dar leis nach dtuigeann sé cad chuige nach meabhródh Eamonn Gilmore ar éirí as. Dar leis go bhfuil sé brean de stíl ceannasaíochta agus den dóigh a dhéanann a chuid fear bulaíocht, cinsireacht agus imeallú air. Deir an Teachta Dála le Páirtí an Lucht Oibre Arthur Spring gur seans go bhfuil sé in am do ghlúin nua i bPáirtí an Lucht Oibre.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:17:45

Admin/login Comments RSS

ILBF