‘Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne’ bainte ag Máire Ní Choilm (Gaoth Dobhair)

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

‘Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne’, comórtas amhránaíocht ar an sean-nós, bainte ag Máire Ní Choilm (Gaoth Dobhair)

Is í Máire Ní Choilm as Gaoth Dobhair a bhain an duais mhór i ‘Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne’ na bliana seo. Comórtas amhránaíochta ar an tsean-nóis i gcuimhne ar laoch mór na hamhránaíochta, Éamonn Ghráinne Mac Ruairí (Toraigh agus An Fál Carrach) is ea an comórtas. Bhronn Bella Mhic Ruairí, baintreach le hÉamonn Mac Ruairí an Corn ar Mháire mar aon leis seic luach €150. Bhain Máire an chéad duais don amhránaí is fearr ina iomlán ar an oíche.

Bhain Ríonnach Ní Dhubhchoin, Toraigh an gradam don amhránaí is fearr faoi 18 bliain d’aois.

Bhain Colm Joe Mac Ruairí, Toraigh an duais i gcomórtas na bhfear agus ba í Clíona Ní Ghallachóir as Mín a Chladaigh a bhain comórtas na mban. Bhain Conor Ó Gallachóir as Mín a Chladaigh an duais don amhránaí is fearr as Cloich Cheann Fhaola.

Bronnadh duaiseanna speisialta ar John Anthoin Ó Ceallaigh as Gleann tSuilé; Pól Páidí Dubh as Gaoth Dobhair; Seán Feeney Ó Gallachóir, Gaoth Dobhair; Chloé Rodden agus Brendan Lee Rodden as Toraigh; agus ar  Annabelle Nic Giolla Chomhaill, An Fál Carrach (4 bhliain d’aois, an iomaitheoir is óige sa chomórtas)

Bhí an comórtas ar siúl in Óstán Loch Altan, i nGort a’Chorice ag an deireadh seachtaine. Ghlac 15 iomaitheoir ina iomlán páirt sa chomórtas (idir fhir, mhná agus daoine óga) le scoth na n-amhránaí as Dún na nGall i láthair. Bhí an halla lán go béal, le scaifte bhreá as Toraigh i láthair fosta. Ba é Lillis Ó Laoire moltóir an Chomórtais agus ba Rónán Mac Aodha Bhuí, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí mar bhean an tí.

Thug an moltóir, an Dr. Lillis Ó Laoire, ardmholadh don na hiomaitheoirí uilig. Dúirt sé gur chuir sé gliondar ar a chroí go bhfuil an traidisiún amhránaíochta fós beo, láidir i nGaeltacht Dhún na nGall agus go bhfuil amhránaithe óga ag teacht in inmhe. Thug sé ardmholadh freisin don tSean Bheairic as ucht an ard chaighdeán a bhain leis an stáitse, soilse agus fuaime agus an proifisiúntacht a bhí ag baint leis an chur i láthair.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:14:56

Admin/login Comments RSS

ILBF