Cormac Ó hEadhra: Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cormac Ó hEadhra: Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán
Ceilteach

Tá an Gradam do Láithreoir Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag
Cormac Ó hEadhra.

Fógraíodh an buaiteoir tráthnóna ag an bhféile atá ar siúl faoi láthair i St Ives sa
Chorn.

As an Cheathrú Rua ó dhúchas do Chormac Ó hEadhra, cé go bhfuil cónaí air le fada
san ardchathair. Tá sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2007, agus cuireann
sé an clár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig i láthair ar an stáisiún ó Luan go hAoine.
Bronnadh an duais do Láithreoir Raidió na Bliana ar Chormac ag Gradaim Chumarsáide
an Oireachtais anuraidh, agus bhuaigh an clár Cormac ag a Cúig an gradam don Chlár
Raidió is fearr freisin.

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin:
“Tréaslaím an gradam idirnáisiúnta seo le Cormac, agus é tuillte go maith aige. Is
craoltóir den scoth é, duine de shárchraoltóirí na tíre seo, i mBéarla nó i
nGaeilge. Tá ag éirí thar barr leis an chlár Cormac ag a Cúig le dhá bhliain anuas,
a bhuíochas do Chormac agus foireann an chláir, agus tá mé cinnte go mbeidh neart
gradam eile ag teacht ina threo amach anseo.”

Tugadh moladh speisialta don chlár ceoil An Taobh Tuathail ag Féile na Meán
Ceilteach freisin. Is é Cian Ó Cíobháin a chuireann an chuid is fearr de cheol
ailtéarnach na cruinne i láthair ar an gclár ó Luan go hAoine ag 9 pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:45:01

Admin/login Comments RSS

ILBF