Cormac ag a Cúig i mBéal Feirste inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cormac ag a Cúig beo ó Bhéal Feirste

Beidh Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo ó stiúideo RTÉ i mBéal Feirste Dé Luain 21 Deireadh Fómhair ag 5pm. Beidh Painéal an Luain sa stiúideo le Cormac Ó hEadhra le plé a dhéanamh ar scéalta móra nuachta na seachtaine. Orthu siúd a bheidh ar an bpainéal, beidh Méara na Cathrach Máirtín Ó Muilleoir, an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin, Máirín Hurndall, léachtóir in Ollscoil na Ríona agus láithreoir le Raidió Fáilte, agus Dominic Bradley MLA. Beidh plé acu ar réimse leathan ábhar, ina measc obair Richard Haass, toscaire ó Mheiriceá atá ina chathaoirleach ar na cainteanna tras-pháirtí le dul i ngleic leis na deacrachtaí le paráideanna, le ceist na mbratacha, agus le tionchar na dTrioblóidí. Beidh plé freisin ar Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Is iondúil go gcraoltar Cormac ag a Cúig ó Lárionad Raidió RTÉ i mBÁC, ach tá súil ag foireann an chláir a bheith ag craoladh ó chuid de chathracha eile na tíre sna míonna romhainn, ina measc Áth Luain, Sligeach, Luimneach, Port Láirge, Corcaigh agus Gaillimh. Bronnadh an duais do Chlár Raidió na Bliana agus do Láithreoir na Bliana ar an gclár ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mí na Bealtaine. Déan teagmháil leis an gclár ar Twitter @cormacag5, ar ríomhphost cormac5@rte.ie<mailto:cormac5@rte.ie>. Féach freisin www.rte.ie/rnag<http://www.rte.ie/rnag> .

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:35:51

Admin/login Comments RSS

ILBF