Corcaigh agus bailte eile sa deisceart buailte go dona ag tuilte, gaoth mhór

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá codanna de Chorcaigh druidte mar gheall ar tuilte don dara oíche as a chéile. Tá na céadta foirgneamh, siopaí don chuid is mó, buailte go dona ag na tuilte agus dreim le olldamáiste a bheith déanta faoin am a bhíonn trá ann. Tá Caiseal Mumhan, Cluain Meala, bailte ar chósta Phort Láirge is Loch Gorman mar aon le roinnt bailte eile san oir agus san iardheisceart buailte go dona fosta. Ní bheidh scála an damáiste soiléir go dtí go maith sa Chéadaoin nó tá rabhadh de stádas oráiste le bheith I bhfeidhm go dtí a naoi a chlog maidin Chéadaoine. Ach tá imní mór faoin damáiste atá déanta don iliomad ceantar agus foirgneamh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 21:49:11

Admin/login Comments RSS

ILBF