Conradh nua ón Fhoras do irisí amach anseo?

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuigtear do Nuacht24 go bhfuil Foras na Gaeilge ag smaoineamh ar leagan amach nua do irisí Gaeilge ar theacht chun deiridh an chórais reatha i mí Mheithimh. Faoin leagan amach nua atá á meas ag an Fhoras chuirfí conradh ar fáil do dhá iris Ghaeilge a bheadh i dteideal deontais a fháil ón Fhoras. Níl sé ar intinn áfach, tuigtear, ag an Fhoras cúlú ón phlean atá acu chun deireadh a chur le maoiniú sé thogra a bhí ag fáil maoiniú faoi scéim na n-irisí is foilseacháin a bhí ann go dtí seo.

Le cúpla seachtain anuas mhol baill tionóil de chuid Shinn Féin is an SDLP ag iarraidh ar an Fhoras athmhachnamh a dhéanamh ar an socrú atá déanta acu maidir le cur deireadh le maoiniú do na hirisí Gaeilge ar fad ó dheireadh mhí Mheithimh. Ní léir áfach cad é an amscála a bheidh ann do aon tionscnamh nua maidir leis na hirisí Gaeilge.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive