Conradh na Gaeilge – Páirtithe Thuaidh & Theas Sásta Seasamh Le Cearta Gaeilge & Gaeltachta San Eoraip

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Páirtithe Thuaidh & Theas Sásta Seasamh Le Cearta Gaeilge & Gaeltachta San Eoraip

Tá cairt cuimsitheach leagtha amach ag Conradh na Gaeilge mar áis eolais don phobal sula gcaitheann siad a vóta sna toghcháin an tseachtain seo, agus freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha ar cheisteanna maidir le cearta teanga Gaeilge agus Gaeltachta luaite leis.

D’iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga, agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge dá dtoghfaí iad, agus bailíodh freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha le chéile ar-líne ag www.cnag.ie chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar an eolas maidir le tiomantas na n-iarrthóirí sin i leith a gceart teanga.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Beidh an t-eolas faoi thiomantas na n-iarrthóirí ar son na Gaeilge fíorthábhachtach amach anseo leis na daoine a thoghtar a cheangal leis na gealltanais a rinne siad do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla mí anuas.

 

“Tar éis dá dtofa, déanfaidh Conradh na Gaeilge teagmháil le gach iarrthóir a roghnaigh todhchaí don teanga le linn a gcuid canbhásála chun bearta éagsúla ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé leo, agus iad anois ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa nó ina gcomhairleoirí áitiúla.”
Tá ainmneacha na n-iarrthóirí a roghnaigh todhchaí dár dteanga go dtí seo á scaipeadh ag Conradh na Gaeilge ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta roimh na toghcháin, chun aitheantas a thabhairt dá dtacaíocht agus chun deis a thabhairt don phobal meon na n-iarrthóirí a áireamh sna cinntí atá á ndéanamh acu sna toghcháin ar 22 agus ar 23 Bealtaine 2014.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní raibh ach páirtí polaitíochta amháin ó dheas nár fhreagair ar a laghad iarrthóir amháin dá chuid na ceisteanna a chur Conradh na Gaeilge chucu, agus sé pháirtí ó thuaidh, rud a chiallaíonn go bhfuil léargas cuimsitheach de mheon na bpolaiteoirí neamhspleácha agus na bpáirtithe polaitíochta i leith na Gaeilge agus chearta teanga na Gaeltachta ar fáil i gcairt na n-iarrthóirí Eorpacha de chuid Chonradh na Gaeilge.

 

“Leis an eolas luachmhar seo ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta anois, tá deis ag gach duine againn vóta a chaitheamh ar son na bpolaiteoirí is fearr a chosnóidh ár gcearta teanga, sa bhaile agus san Eoraip, agus todhchaí níos fearr á roghnú againn dár dteanga.”
Tá bileog eolais Chonradh na Gaeilge do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar fáil ina hiomláine ar-líne ar http://issuu.com/cnag/docs/29ma2014_bileog_toghchan2014_rp nó ar www.cnag.ie.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:25:20

Admin/login Comments RSS

ILBF