Conradh na Gaeilge, freagra na bpolaiteoirí agus uasdátú ar ghníomhartha eile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá uasdátú leis seo ar roinnt de na gníomhartha ag dul ar aghaidh faoi láthair:

 

2 Lá ó thuaidh agus 3 lá ó dheas go dtí na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha

Tá na freagraí faighte ar ais ó na hiarrthóirí do Parlaimint agus tá siad mar iatán leis an ríomhphost seo. Bheimis buíoch díobh as iad a scaipeadh más féidir.

 

Is féidir aon fhreagraí ó na hiarrthóirí áitiúla eile fós a chur ar fáil dúinn ag: https://www.surveymonkey.com/s/toghchain2014. Mar a dúradh cheana, beidh an t-eolas seo fíorthábhachtach amach anseo leis na daoine a thoghtar a cheangal leis na gealltanais a dhéanfaidh siad do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

 

Ó dheas:Dáta don dialann – beidh Lá Stocaireachta eagraithe leis na polaiteoirí ó dheas in Óstán Buswells Dé Céadaoin, 11 Meitheamh 2014.

 

Ó thuaidh: Is féidir achainí an Lá Dearg a chur ar aghaidh fós nó an achainí ar-líne a shíniú ag: http://www.change.org/en-GB/petitions/feidhmeannas-stormont-cearta-gaeilge-anois-irish-language-rights-now. Bronnfar an achainí i Stormont ar 27 Bealtaine.

 

Tá eolas mar iatán leis seo chomh maith ón mbrú a cuireadh ar an Roinn COmhshaoil ó dheas ar 2 Bealtaine le seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil. Beimid i dteagmháil arís maidir leis an gcéad comhlacht / roinn stáit eile a roghnófar ó dheas agus ó thuaidh go luath.14BE2014_ToghchainAE_2014 toghchan

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:35:58

Admin/login Comments RSS

ILBF