CONRADH NA GAEILGE AG ÉILEAMH LEASÚ AR PHLEAN ATHNUACHANA NA STÁIT SEIRBHÍSE

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

CONRADH NA GAEILGE AG ÉILEAMH LEASÚ AR PHLEAN ATHNUACHANA NA STÁIT SEIRBHÍSE

 

Cháin Conradh na Gaeilge an Plean Athnuachana na Stáit Seirbhíse a foilsíodh inniu, Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair 2015 as neamhaird iomlán a dhéanamh ar na dúshláin atá ann le seirbhís sásúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

 

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Fís agus plean gníomhaíochtaí don chéad trí bliana eile atá i gceist le Plean Athnuachana na Stáit Seirbhíse agus níl tagairt in oiread is ceann amháin de na 25 gníomhaíochtaí don tseirbhís a cuirtear, nó nach gcuirtear cuid mhaith den am, ar fáil do phobal na Gaeilge nó na Gaeltachta a fheabhsú go leibhéal sásúil.

 

Luaitear an fhís sa phlean atá ag an Stáit Seirbhís le seirbhís ar chaighdeán domhanda a chur ar fáil do phobal na hÉireann ach mar is gnáth tá an chuid den phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid fágtha ar lár.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ”Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach Enda Kenny agus ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin an plean a leasú láithreach le gníomhaíochtaí a chur san áireamh a chinnteoidh seirbhís shásúil ar chaighdeán domhanda do shaoránaigh in Éirinn gur mian leo an Ghaeilge a úsáid leis an stáit.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 17:57:53

Admin/login Comments RSS

ILBF