Conradh an CLG le Sky Sports

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an CLG I ndiaidh conradh a aontú le Sky chun go gcraolfaí 14 cluiche CLG go heisiach ar an chaineál. Cluichí cáilithe iad bunús na gcluichí a chraolfaidh Sky, cluichí oíche Shathairn. Ach beidh cearta eisiacha acu fosta ar dá chluiche ceathrú ceannais I gcraobh na hÉireann. Craolfaidh Sky a gcéad chluiche ar 7 Meitheamh, an cluiche idir Uíbh Fháilí agus Cill Chainnigh I gCraobh Chúige Laighin. Is é seo an chéad uair don CLG teacht ar chomhréiteach le Sky ach feictear é mar chomhartha go bhfuil an Cumann le bogadh níos faide sa treo seo amach anseo.Beidh an CLG ag meas an aisfhreagra ó bhaill agus cumainn sna laethanta amach romhainn nó is cinnte go mbeidh scair acu sin míshásta go bhfuil faill breathnú ar na cluichí á séanadh orthu sin nach bhfuil sásta taillí Sky a íoc.

Beidh Sky ag taispeáint cluichí ceannais Chraobh na hÉireann ach beidh ceart go fóill ag RTÉ iad seo a chraoladh chomh maith.

Faoin leagan amach nua beidh RTÉ I dteideal oiread cluichí a chraoladh I mbliana agus a chraol sid anuraidh. 31 cluiche. Ach tá TV3 I ndiaidh cailleadh na cluichí a bhíodh acu roimhe seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:43:32

Admin/login Comments RSS

ILBF