Conas gearrfhíseáin a léiriú don idirlíon – cúrsa dírithe ar ghrúpaí ealaíona Gaeltachta

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24
 Conas gearrfhíseáin a léiriú don idirlíon – cúrsa dírithe ar ghrúpaí ealaíona Gaeltachta
A chairde,

Eolas ar chúrsa ‘conas gearrfhíseáin a léiriú don idirlíon’ a bheidh ar siúl I
nGaoth Dobhair ag deireadh na míosa. Tá an cúrsa dírithe ar an earnáil ealaíne agus
cultúrtha.
Amharc thíos agus ar an cheangaltán.




Conas gearrfhíseáin a léiriú don idirlíon.
Cúrsa i léiriúchán físeán dírithe ar ghrúpaí ealaíona Gaeltachta.
Ealaín na Gaeltachta I gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair

[television-production-brighton-media-course][1376380368837]

Cuspóirí an chúrsa:
Rannpháirtithe a chumasú le gearrfhíseáin a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh
agus ábhar físe a chur in oiriúint do na meáin shóisialta (youtube, facebook, srl.)

Ábhar an chúrsa:

·         Conas scéal a phleanáil;

·         Scileanna ceamara;

·         Bunscileanna agus teicnící a bhaineann le taifead (ceamara, fuaim,
soilsiú, srl.);

·         Taifid ar na hardáin éagsúla (DSLR, gnáthcheamara físeáin; fóin phóca; srl.);

·         Eagarthóireacht;

·         Conas físeáin a uaslódáil ar-líne & na bealaí is fearr chun aird a
tharraingt orthu ar an idirlíon.


Dátaí & Ionad
Dé Máirt 25 Samhain: Brú Óige an Earagail, Dun Lúiche @9.30 am
Dé Céadaoin 26 Samhain: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair@9.30 am

Tabharfar deis do gach grúpa/rannpháirtí gearrfíseán a chur le chéile  (pleanáil,
léiriú, taifeadadh agus eagarthóireacht)

Teagascóirí
 Foireann na gcúrsaí cumarsáide, Acadamh na Ollscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair.

Cé ar a bhfuil an cúrsa dírithe?
Ta an cúrsa dírithe ar ghrúpaí ealaíona Gaeltachta. Ní gá go mbeidh taithí ag na
rannpháirtithe. ‘

Áirintí:
Tá teorainn ar líon na rannpháirtithe. Ní mór áit a chur in áireamh go luath.

Táille:
€25 an grúpa (uasmhéid de thriúr i ngach grúpa)

Clárú:
Seol ríomhphost chuig Micheál Mac Aoidh ag
m.macaoidh@udaras.ie<mailto:m.macaoidh@udaras.ie>

Faoi dheireadh an chúrsa beidh tusa ábalta físeáin ar ardchaighdeán a chruthú a
bheidh daoine ag iarraidh a fheiceáil arís agus arís!

Nóta: Is trí mheán na Gaeilge a reáchtálfar an cúrsa seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 12:13:18

Admin/login Comments RSS

ILBF