Comórtas uile-Éireann na Rincí Gaelacha ar ais i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Máirtín Ó Muilleoir gur iontach an scéal é go bhfuil an rince Gaelach ag cur Béal Feirste i mbéal an phobail go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhí Ard Mhéara Bhéal Feirste ag caint ag ócáid ar maidin chun a phoibliú Craobh uile Éireann na Rincí Gaelacha, imeacht a mheallfaidh corradh is 10,000 duine chuig an chathair idir an 27 Deireadh Fómhair – 3 Samhain. Beidh 2,000 rinceoir san áireamh. Is iad An Coimisiún le Rincí Gaelacha a eagraíonn an imeacht agus dreim acu le hollscaifte idir lucht iomaíochta agus lucht féachána. ‘Tá rud ar leith ag baint le Béal Feirste’ arsa Dearbhla Lennon. ‘Bhíomar anseo roimhe agus táimid iontach sásta a bheith ar ais. Cuirtear fáilte Uí Cheallaigh romhainn agus táimid ag dreim le lucht féachána iontach a bheith ag triall ar an Halla Cois Cladaigh chun sult a bhaint as.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-22 15:46:42

Admin/login Comments RSS

ILBF