Comórtas nua scríbhneoireachta seolta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Tá comórtas gearrscéalaíochta seolta ag Craobh Ghrealláin de Chonradh na Gaeilge, Craobh atá suite i mBéal Átha na Slua. Beidh €300 ag an mbuaiteoir agus is é an scríbhneoir aitheanta Mícheál Ó Ruairc, fear a bhfuil neart duaiseanna buaite aige féin, a bheidh i mbun moltóireachta.

Tá an comórtas nua dírithe ar dhaoine atá os cionn 18 mbliain d’aois agus is é Dé Sathairn, 1 Feabhra 2014 an spriocdháta iontrála.

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas ní mór cóip leictreonach de do ghearrscéal a sheoladh chuig gearrsceal@eircom.net  i bhfoirm .doc leis an bhfocal “Gearrscéal” sa líne cheannteidil nó cóip chlóbhuailte a sheoladh chuig “Gearrscéal” , 2 Radharc na Coille, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe

Is féidir tuilleadh eolas agus rialacha an chomórtais a fháil ar www.gearrsceal.com nó ar Facebook/gearrscéal nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Seosamh Ó Beirgin ag 086-3536085 nó 090-9642769.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:05:56

Admin/login Comments RSS

ILBF