Comórtas Gael Linn – Dearbháin le baint!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Comórtas Gael Linn – Dearbháin le baint!

Tá dearbháin ar luach leathchostas cúrsa ar fáil do cheathrar chun cuidiú leo freastal ar chúrsa Gaeltachta i gColáiste Gael Linn  – do rogha Coláiste.

Tugann na cúrsaí seo deis do dhaltaí idir 11 bhliain agus 18 mbliana d…’aois an Ghaeilge a fhoghlaim, cairde a dhéanamh agus neart spraoi a bheith acu le spóirt, cluichí agus spóirt uisce.

Le seans a fháil ar cheann de na dearbháin seo, freagair an cheist seo a leanas:
Ainmnigh an dá choláiste atá ag Gael Linn i gCúige Uladh.
Freagraí chuig: reamonn@gael-linn.net chomh maith le:
1) d’ainm,
2) do sheoladh iomlán poist,
3) seoladh r-phoist,
4) ainm do scoile agus
5) cén cúrsa is suim leat de chuid Gael Linn, roimh 5pm Dé hAoine 21 Feabhra.

Déanfar an tarraingt ina dhiaidh sin agus cuirfear scéal chuig na buaiteoirí tríd an phost. Ní féidir le héinne níos mó ná dearbhán amháin a bhaint ná a úsáid.
Gach eolas faoi chúrsaí Gael Linn ar www.gael-linn.ieSee More

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:59:09

Admin/login Comments RSS

ILBF