Comórtais Liteartha an Oireachtais – liosta na mbuaiteoirí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Scoth na Scríbhneoirí Gaeilge i láthair ag

Comórtais Liteartha an Oireachtais

 

D’fhógair Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh  inniu  (30 Meán Fómhair). Bronnadh duaiseanna ar scríbhneoirí aitheanta na Gaeilge agus ar nuascríbhneoirí araon ag an mórócáid seo.

 

Baineann meas agus urraim ar leith le Comórtais Liteartha bhliantúil Oireachtas na Gaeilge, agus is iad na gradaim is airde i measc scríbhneoirí na Gaeilge. Clúdaítear gach réimse den litríocht, agus cúig chatagóir déag san iomlán, sna comórtais – ficsean, gearrscéalta, cumadóireacht amhrán agus iriseoireacht san áireamh. Is é Liam Mac Cóil a thóg leis an gradam don úrscéal is fearr sa chatagóir ficsean ginearálta dá leabhar I dTír Strainséartha agus bhí Mícheál Ó Ruairc, a bhain duais amach don chnuasach filíochta is fearr le Dambatheanga, agus Mícheál Ó Conghaile, a tháinig sa chéad áit sa chatagóir ficsean do dhaoine óga (13-15) le An Diabhal ar an Ól, i measc na mbuaiteoirí eile ar an oíche.

 

“Bliain i ndiaidh bliana, cuireann ard-chaighdeán na n-iarratas ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais ionadh orainn, agus ní haon eisceacht 2014,” arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Tá scríbhneoirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann na gradaim seo deis dúinn na scríbhneoirí sin a cheiliúradh. Tugann sé lúchair dúinn tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do na comórtais seo,” a dúirt sé.

 

Thóg Rosanna Lyons trí dhuais léi ar an oíche, an dara háit sa chatagóir ficsean ginearálta lena húrscéal Uair na Cinniúna san áireamh, agus níor éirigh ach le scríbhneoir amháin eile an t-éacht céanna a  bhaint amach – sin Seán Ó Muimhneacháin a bhain an líon céanna duaiseanna amach, an duais sa chumadóireacht amhrán san áireamh.

 

Bhí scríbhneoirí óga ó gach cearn den tír i láthair ag bronnadh na ngradam chomh maith le duaiseanna a bhailiú sna catagóirí do dhaoine óga, Lucy Ághas san áireamh, a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas filíochta faoi 16 lena dán, An Bóithrín, agus thóg sí léi duais eile sa chomórtas iriseoireachta faoi 16.

 

Tá Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge ar an bhfód le 117 bliain agus is iad na comórtais liteartha Gaeilge is iomráití atá ann. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill san áireamh, i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.

 

 

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2014
Na Buaiteoirí
Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta
COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL: FICSEAN GINEARÁLTA
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €3,000
I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí
An Dara Duais €1,000
Uair na Cinniúna le Rosanna Lyons, Páirc Mhullach an Chnoic, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11
COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €2,000
An Béaldath le Orna Ní Choiléain, Bóthar Ardliath, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5
An Dara Duais €750
Hata Zú Mhamó le Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, Rathfearnáin, Baile Átha Cliath 14
COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €2,000
An Diabhal ar an Ól le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:12:58

Admin/login Comments RSS

ILBF