Comóradh ar thréigin an Bhlascaoid

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An chéad taibhiú – Suantraí na hInise/The Island Lullaby – ag Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí ar 17 Samhain 2013

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go raibh an chéad taibhiú ag Suantraí na hInise/The Island Lullaby in Ionad an Bhlascaoid, Co. Chiarraí ar 17 Samhain 2013. Ba ócáid an-speisialta í seo mar chomóradh ar chothrom 60 bliain de Thréigin an Bhlascaoid sa bhliain 1953. Colm Ó Foghlú a chum é; is iad Niamh Ní Charra (Consairtín), Noreen O’Donoghue (Cruit Ghaelach) & an Dublin String Ensemble a rinne an taibhléiriú.

Léiriú suntasach agus nuálaíoch ceoil agus amharclainne is ea Suantraí na hInise/The Island Lullaby chun cothrom 60 bliain de Thréigin an Bhlascaoid a chomóradh agus oidhreacht shaibhir cultúrtha na n-oileán a cheiliúradh. Opus Eile atá á léiriú, leis an OPW mar óstach agus le tacú ó Fhoras na Gaeilge. Bronnfar an t-airgead ó dhíol na dticéad ar chomhphobal Camphill atá ionnaithe i nDaingean Uí Chúis.

Tá fógrán físe don ócáid ar fáil anseo:

http://www.youtube.com/watch?v=mze9INx79kw

Faisnéis Ócáide:

Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, 17 Samhain 2013 ag 7.30pm

Arna léiriú ag Opus Eile

Arna mhaoiniú ag Foras na Gaeilge

Arna óstáil ag OPW

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:38:32

Admin/login Comments RSS

ILBF