Comhráiteas ó POBAL / Turas roimh chuairt ar Stormont

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chomh Ráiteas ó POBAL agus ó Turas

 

Is le gach duine an Ghaeilge agus is le gach duine Acht na Gaeilge

 

Tá POBAL, scátheagras abhcóideachta phobal na Gaeilge agus Turas, tionscadail na bhfoghlaimeoirí Oirthear Bhéal Feirste, ag bronnadh chomhlitir ar na páirtithe ar fad sa Tionól inniu, le cothrom na Féinne agus chomhmheas a éileamh don teanga.

 

Dúir Janet Muller (POBAL) agus Linda Ervine (Turas), ‘Is oth linn go bhfuil an comhlitir seo riachtanach le fearg agus díomá phobal na Gaeilge a léiriú faoi sraith de ráitis scoilteacha, maslacha ar an teanga. Creideann muid gur chóir go mbeadh a leithéid de ráitis dó-ghlactha in áit ar bith, ach go háirithe i dTionól polaitiúil. Éilíonn muid Acht Gaeilge ceart-bunaithe leis an teanga a chosaint agus a chothú, mar a ghealladh i gComhaontú Cill Rímhinn.’

 

Dúirt Janet Muller, ‘Léirigh Daonáireamh RA 2011 go bhfuil 184,898 duine a bhfuil eolas ar an Ghaeilge acu i dTuaisceart na hÉireann, is é sin 10.65% den daonra. Ag méid suntasach de Ghaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann, is í an Ghaeilge a rogha teanga, a labhraíonn siad gach lá sa bhaile, sa chomharsanacht, i ngníomhaíochtaí caidrimh agus san áit oibre. Chomh maith leis seo, teanga ársa, saibhir atá sa Ghaeilge, a bhfuil taisce litríochta aici. Tá sí ina teanga oifigiúil de chuid Aontas na hEorpa. Ó thuaidh, tugadh aitheantas don Ghaeilge i míreanna suntasacha de Chomhaontú Aoine an Chéasta, faoi Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh agus faoi reachtaíocht idirnáisiúnta eile. Is léir, faraor nach leor é séo uilig leis an teanga a chosaint ó ionsaithe aineolacha ná ó bheartais nó ag cinntí diúltacha, seicteacha.’

 

Dúirt Linda Ervine, ‘Creideann POBAL agus Turas gur cheart agus gur chóir an teanga a bheith ar fáil do ghach duine. Tá oidhreacht chomhroinnte Gaeilge againn uilig agus creideann muid go dtig leis an Ghaeilge gach duine ar an oileán a thabhairt le chéile. Fud fad an domhain, tá daoine ag foghlaim na Gaeilge. Tá grúpaí agus ranganna i dtíortha na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil, agus i gCeanada, tá ‘Gaeltacht’ bheo á bhunú. Aithnítear go forleathan an tábhacht atá le reachtaíocht teanga le cuidigh le fás agus le forbairt na teangacha atá faoi bhagairt. Tá achtanna teanga ó dheas, sa Bhreatain Bheag agus in Alban. Is é tuaisceart Éireann an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil cosaint reachtaíochta ann don phríomhtheanga dúchais.’

 

Tugadh gealltannas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach i gComhaontú Chill Rimhinn i 2006. Creideann POBAL agus Turas gur mithid an cheist seo a bhogadh chun tosaigh, amach as réimse na polaitíochta agus isteach i réimse an riaracháin. Diúltaíonn POBAL agus Turas den chur chuige scoilteach seo ‘muidne in éadan iadsan’ maidir leis an Ghaeilge agus maidir leis an Acht. Dúirt siad, ‘Tá reachtaíocht teanga i bhfeidhm don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:38:29

Admin/login Comments RSS

ILBF