Comhghairdeas le Cumann Gaelach na hEaglaise

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Comhghairdeas le Cumann Gaelach na hEaglaise

 

Rinne urlabhraí Gaeilge Pháirí Daonlathach Sóisialta an Lucht Oibre comhghairdeachas le Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann as a bheith 100 bliain ar an saol an bhliain seo. Ag labhairt dó ag an Tionól inniu bhí an méid seo a leanas le rá ag an Bhrolchánach, ‘Tá stair fhada , céad bliain i mbliana, de shaothrú na Gaeilge ag an Chumann Gaelach na hEaglaise ó thaobh an liotúirge de ach go háirithe.  Beidh cuimhne ag daoine ar an obair mhór a rinne an Canónach Coslette Ó Coinn ar son Chumann Gaeltach na hEaglaise, aistriúchán ar an Tiomna Nua mar chuid de.  Tá neart iomann Gaeilge i Leabhar Iomann na hEaglaise agus eagraírear seirbhísí Gaeilge ar fud na hÉireann; déantar riar ar bhaill na hEaglaise sa Ghaeltacht leis. ‘Bhí sé de phribhéid agamsa freastal ar sheirbhís Ghaeilge ar Lá na Féile Pádraig in Ardeaglais Naomh Padraig i mbliana agus cuireadh fearadh na fáilte romham.  Guím gach beannacht ar obair an Chumainn sna laethanta, míonna, agus blianta atá romhainn – go maire sé céad bliain eile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive