Comhairle shaineolaithe na hEorpa do chur chun cinn teanga

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cad é mar ba chóir don rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn – Saineolaithe ar an Chairt Eorpach

 

Ag comhdháil de chuid POBAL i mBéal Feirste amárach (Déardaoin 13 Feabhra), beidh beirt shaineolaithe Eorpacha aitheanta ag míniú cén fáth nach bhfuil ag éirigh le cur i gcrích Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.  Beidh an ócáid, ‘Ag amharc siar, ag bogadh chun tosaigh’ ar siúl óna 9.30 amárach san Ostán Europa. I mí Eanáir, dhamnaigh Coiste na Saineolaithe (COMEX) ar Chairt na hEorpa cur chuige rialtas na Breataine agus an Tionóil i leith na Gaeilge i dtuairisc monatóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa. Cháin siad go géar an méid ata déanta leis an Chairt a chur i bhfeidhm ó athbhunaíodh Thionól TÉ 1 2007. Ar eochairchainteoirí na comhdhála, beidh Chéad Leas-Chathaoirleach ar Choiste na Saineolaithe, Sigve Gramstad. Ina óráid, déanfaidh sé mion staidéar ar an bhealach a cuireadh an Chairt i gcrích i leith na Gaeilge ó tugadh isteach í i 2001. Dúirt PF POBAL, Janet Muller, ‘Bhí Sigve Gramstad ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar Choiste na saineolaithe anois le 15 bliain. Tá saineolas agus saintaithí  ar leith aige i dtaca leis an Chairt de, agus mar sin is mó an ábhar suntais é go ndearfaidh se go bhfuil fadhbanna substaintiúil anseo i gcur chun cinn na Gaeilge, agus go gcaithfidh an rialtas ag Westminster agus an Tionól tabhairt fúthu lena gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin dlí idirnáisiúnta.’

 

Ag caint chomh maith ag an ócáid, beidh dlíodóir iomráiteach na Breataine Bige, Emyr Lewis, a chaith dhá sheal ar Choiste na Saineolaithe mar ionadaí neamhspleách na Ríocht Aontaithe. Dúirt Janet Muller, ‘Ta clú idirnáisiúnta ar Emyr Lewis mar shaineolaí dlí. Bhí se ina bhall den COMEX ó na chéad laethanta dá tabhairt isteach go dtí na 6 chontae. Sheas Emyr Lewis siar ón COMEX an bhliain seo caite, agus ag an chomhdháil, beidh sé ag tabhairt a osradharc féin ar roinnt de na príomhcheisteanna a bhaineann le cothú na Gaeilge ó thuaidh.’

 

Dúirt Janet, ‘Bhí rírá ann nuair a foilsíodh tuairisc COMEX i mí Eanáir, agus tá muid iontach sásta beidh in ann an beirt seo saineolaithe iomráiteacha a thabhairt anseo le labhairt le polaiteoirí, le stát seirbhísí agus le pobal na Gaeilge.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:45:48

Admin/login Comments RSS

ILBF