Comhad Eile faoi mhírialtachtaí sna Gardaí curtha chuig An Roinn Dlí agus Cirt

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Comhad Eile faoi mhírialtachtaí sna Gardaí curtha chuig An Roinn Dlí agus Cirt

 

Dúirt an Feisire Eorpach Jim Higgins ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh comhad maidir le líomhaintí nua faoi mhírialtachtaí sna Gardaí curtha faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt aige. Dúirt an Feisire Higgins gur chas sé le Garda agus iar-Gharda an tseachtain seo caite, agus gur bhain an scéal a bhí le n-insint acu siar as. Dúirt sé nach raibh fhios go fóill an raibh fírinne ar bith sna líomhaintí, ach go raibh súil aige go ndéanfar an cás a fhiosrú i gceart, agus go raibh comhad curtha faoi bhráid an Aire Alan Shatter aige. Bhí an Feisire Higgins den tuairim gur tháinig na Gardaí chun cainte leis mar gheall ar an mbaint a bhí aige le cás mhuintir McBrearty i nDún na nGall, agus le Fiosrúchán Morris. Ní fhéadfadh sé aon eolas eile faoin gcás a thabhairt. Dúirt sé san agallamh freisin go raibh sé dóchasach go bhféadfadh Coimisinéir Gníomhach na nGardaí Nóirín O’Sullivan athrú cultúir a thabhairt isteach san fhórsa. Bhí an Feisire Eorpach Jim Higgins ag labhairt inniu ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 08:01:34

Admin/login Comments RSS

ILBF