Coláiste na Tríonóide le Comhdháil Ollmhór a Thionól chun Comóradh Céad Bliain a dhéanamh ar Cheannairc an Churraigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Coláiste na Tríonóide le Comhdháil Ollmhór a Thionól chun Comóradh Céad Bliain a dhéanamh ar Cheannairc an Churraigh

 

 

 

Painéal Breithiúna Sinsearacha le Breithniú a dhéanamh ar Shaincheisteanna Bunreachtúla arna n-ardú ag Pointe Ama Lárnach i Stair na hÉireann agus na Breataine Ar bhris na hoifigigh taobh thiar de Cheannairc an Churraigh an dlí i ndáiríre? Sin ceann de na saincheisteanna míleata agus dlíthiúla a phléifidh scoláirí agus saineolaithe dlíthiúla ag comhdháil speisialta atá á eagrú ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus a thionólfar i mBialann Ceannt na nOifigeach, Campa an Churraigh, Dé hAoine an 21ú Márta, 2014, chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar cheannairc an Churraigh. I gCampa an Churraigh, príomh-bhunáit Airm na Breataine in Éirinn ag an am, a tharla Ceannairc an Churraigh an 20ú Márta 1914. Ag croílár na géarchéime bhí an tslí le déileáil leis na hAontachtaithe a bhí in aghaidh an Bhille Rialtais Dúchais a bhí le rith ina dhlí go luath. Bhagair go leor oifigeach éirí as seachas déanamh de réir orduithe dul i mbun gnímh mhíleata in aghaidh Óglaigh Uladh. Réitíodh an scéal nuair a ghéill rialtas na Breataine, a mhaígh gur míthuiscint a bhí ann agus nach raibh sé i gceist riamh forneart armtha a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar fhrithbheartaíocht Aontachtaithe Uladh i gcoinne Rialtais Dúchais. Pointe ama lárnach i stair na hÉireann agus na Breataine a bhí ann, nuair a bhagair na fórsaí armtha gan déanamh de réir thoil na parlaiminte agus rialtais an lae. Lárionad Stair Chomhaimseartha na hÉireann Choláiste na Tríonóide atá ag eagrú na Comhdhála, dar teideal The Curragh Mutiny in Context, agus labhróidh údaráis ceannaireachta ar stair na hÉireann agus na Breataine ar an ngéarchéim. Beidh díospóireacht dlí ar ghnéithe ríthabhachtacha bunreachtúla agus dlíthiúla na géarchéime mar chuid den chomhdháil, a mbeidh painéal breithiúna sinsearacha as Éirinn agus as an mBreatain ina gcathaoirligh uirthi – an tIar-Thiarna Príomh-Bhreitheamh Ronan Keane, an Breitheamh Donal O’Donnell ón gCúirt Uachtarach agus an Tiarna Richard Aikens ó Chúirt Achomhairc Shasana agus na Breataine Bige. Áireofar ar na príomhcheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu: ar ‘ceannairc’ ó thaobh an dlí de a bhí sa méid a tharla agus ar chomhcheilg a bhí sa chaimiléireacht idir oifigigh shinsearacha agus polaiteoirí ceannaireachta an fhreasúra i Londain sna seachtainí roimhe sin, d’fhonn ceannairc faoin dlí míleata nó sibhialta a spreagadh? Déanfaidh an fhoireann dlí imscrúdú ar cibé ar shárú ar na rialacháin a bhí sa chaimiléireacht féin, dá bhféadfaí oifigigh a ionchúiseamh ina leith agus cibé ar shárú ar bhunreacht na Breataine a bhí sa chaimiléireacht agus sa mhéid a tharla ina diaidh? Beidh sliochtaigh roinnt de na príomhphearsana míleata a bhí páirteach i ngéarchéim an Churraigh i láthair ag an gcomhdháil freisin, ina measc sliochtaigh an Tiarna Charles Fergusson, a bhí i gceannas ar an 5ú Rannán ag an gCurrach, agus an Ghinearáil Hubert Gough, duine de na hoifigigh a raibh baint lárnach aige leis an scéal. Ag labhairt dó roimh an imeacht, dúirt Ollamh Bhanc na hÉireann le Stair Chomhaimseartha na hÉireann, Eunan O’Halpin: “Ag croílár na géarchéime bhí an cheist maidir leis an arm a imlonnú chun ord a choinneáil sa chás go gcuirfí Rialtas Dúchais i bhfeidhm le hUladh. Ach bhí iarmhairtí níos leithne aici. Dá mbeadh ginearáil in ann cé na cinntí rialtais agus na dlíthe a rith an pharlaimint ar chóir don arm déanamh dá réir, chuirfí deireadh le creatlach iomlán bhunreacht na Breataine.” “Chiallaigh freagra lag rialtas Asquith ar dhúshlán an airm dá údarás i Márta 1914 nár pléadh na ceisteanna sin riamh, agus go ndearnadh dearmad go ginearálta ar an gceannairc i scéal foriomlán stair na Breataine sa 20ú hAois, inar tugadh míshástacht i measc na saighdiúirí seachas ionramháil pholaitiúil níos airde mar mhíniú ar cheannaircí mar cheann na Connaught Rangers san India i 1920, agus an ceann a bhain le roinnt den Chabhlach Ríoga ag Invergordon i 1931.” I measc na gcainteanna ag an gcomhdháil beidh: An tOllamh Eunan O’Halpin, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Dublin Castle and the Curragh Crisis Tom Bartlett, Ollscoil Aberdeen, The Army and Ireland Since 1801 An tOllamh Ronan Fanning, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, The Government and Ireland, 1911-14 An tOllamh Ian Beckett, Ollscoil Kent, Armed Services, Government and Crown in 1914 Tim Bowman, Ollscoil Kent, Ulster Unionists and the Army Professor Keith Jeffery, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Sir Henry Wilson and the Defence of Ulster Féach anseo chun clár iomlán ar an gcomhdháil<http://www.tcd.ie/history/> a fháil. Beidh an ócáid mar chuid de chlár Chomóradh Choláiste na Tríonóide ar Chuimhneacháin Chéad Bliain.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive