Coiste baincéireachta – gníomh an rialtais ag tarraingt míchlú ar pholaitíocht i gcoitinne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Stáit Alex White go bhfágann cinneadh an rialtais chun beirt bhall sa bhreis a chuir leis an choiste baincéireachta go bhfágann an cineál seo smál ar an pholaitíocht i gcoitinne. Bhí an coiste, a scrúdóidh gnéithe den ghéarchéim bhaincéireachta , bhí mionlach ag an chomhrialtas air cionn is gur roghnaigh an tSeanad Seanadóir le Fianna Fáil agu Seanadóir Neamhspleách seachas Seanadóir comhrialtais faoi mar a bhí an rialtas ag iarraidh. Inniu mhol Ceannaire an tSeanaid, Maurice Cummins, rún go ndéanfaí beirt Sheanadóir eile a chur leis an líon ball ar an choiste. Is iad an bheirt atá i gceist ná  Michael D’Arcy Fine Gael agus Susan O’Keeffe Páirtí an Lucht Oibre. Dúirt an Teachta White, atá san iomaíocht do cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre, gur tábhachtach go rachadh an coiste fiosrúcháin i mbun a chuid oibre gan mhoill seachas cé acu go mbeadh nó nach mbeadh tromlach ag an rialtas ann. Sa tSeanad inniu níor ceadaíodh díospóireacht faoin rún rialtais agus bhí tromlach ag an rialtas, 26 vóta i gcoinne 21 vóta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive