Clár speisialta ón Oireachtas ar R na G

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clár speisialta ón Oireachtas Déardaoin 31 Deireadh Fómhair i gcuimhne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé. B’as Carrachán i gCorca Dhuibhne do Mhaidhc Dainín, údar, ceoltóir, amhránaí, agus pearsa mór i saol na Gaeltachta, a cailleadh go tobann ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh a mhuintir agus a chairde i mbun comhrá le Helen Ní Shé faoi ar eagrán speisialta den Saol ó Dheas beo ón Oireachtas Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ag 12.08 pm. Beidh bronnadh á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar mhuintir Uí Shé Dé Sathairn freisin le linn Chorn Uí Riada, príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais. Tá súil leis na mílte cuairteoir go Cill Airne d’Oireachtas na bliana seo, agus beidh níos mó ná 20 uair an chloig de chláracha á gcraoladh ag Raidió na Gaeltachta ón bhféile le ceol beo, amhránaíocht, damhsa, comhrá, craic, cuimhní cinn, comórtais agus tuilleadh nach iad. Chomh maith leis an gclár speisialta Déardaoin, beidh Binneas Béil le hÁine Uí Laoithe beo ón Ródaí ag 3pm. Dé hAoine beidh An Saol ó Dheas beo ón Ródaí arís, agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí i gcomhluadar scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe, na ndamhsóirí, agus lucht an phléaráca ag 3pm do Rónán Beo @3 beo ón bhfáiltiú in Óstán an Gleaneagle. Dé Sathairn 12.08 pm beidh Togha agus Rogha beo ón bhfáiltiú freisin, agus Dé Domhnaigh beidh buaiteoirí Chorn Uí Riada sa Ródaí le Máirtín Tom Sheáin do Togha agus Rogha, clár a chuirfidh clabhsúr le craoladh RnaG ón Oireachtas do 2013. Beidh na comórtais sean-nóis le cloisteáil beo Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn ag 7pm, agus beidh an t-aifreann á chraoladh ó Ardeaglais Chill Airne Dé Domhnaigh 10.30 am. Beidh gach eolas faoi chraoladh Raidió na Gaeltachta ón Oireachtas le fáil ag www.rte.ie/rnag<http://www.rte.ie/rnag>

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 02:43:45

Admin/login Comments RSS

ILBF