Clár Speisialta i gcuimhne agus in ómós do John Ghráinne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Clár Speisialta i gcuimhne agus in ómós do John Ghráinne

Dé Domhnaigh 26 Eanáir ag 10.30 am craolfar eagrán speisialta den chlár Blas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcuimhne agus in ómós don seanchaí John Ghráinne as Rann na Feirste, nach maireann. 

 

San eagrán speisialta seo, caitheann Fearghal Mag Uiginn súil ar shaol agus oidhreacht an tseanchaí aitheanta John Ghráinne.  Ba as Rann na Feirste do John, a cailleadh ar an 20ú Nollaig 2013 agus é 93 bliana d’aois.

 

Chomh maith le cuntas pearsanta ó chlann John ar an fhear féin, déanfaidh Fearghal agus a chuid aíonna cur síos ar an seanchaí agus an mhúinteoir agus an saibhreas teangan a d’fhág sé ag glúnta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge le linn a shaoil.

 

Beidh Blas le cloisteáil Dé Domhnaigh 26 Eanáir 10.30 am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is féidir éisteacht leis an gclár beo ar líne, nó éisteacht siar leis, ag www.rte.ie/rnag

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:40:56

Admin/login Comments RSS

ILBF