Clar Speisialta ar RnaG d’Aoine an Chéasta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preasráiteas

 

 

 

‘Turas na croise, turas na beatha a gcaithfear tabhairt faoi go laethúil’ Cén bhaint atá ag Turas na Croise le saol an lae inniu? Sin í an cheist a bheidh faoi chaibidil sa chlár Dartstáisiúin a bheidh le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Aoine an Chéasta, 18 Aibreán, ag 2 pm. Clár speisialta aon uaire atá i gceist le Dartstáisiúin a thugann cuireadh d’éisteoirí a machnamh a dhéanamh ar an chiall atá le baint as Turas na Croise, agus an cheacht atá i ngach ceann de na stáisiúin dúinn sa lá atá inniu ann. “Suas síos is ea an saol agus is mairg a bheadh gan lámh chúnta.” “I gcás na beatha, ní haon réiteach é éirí as.” Sin cuid den méid atá le tuiscint againn ó Thuras na Croise, mar a chloisfimid sa chlár seo. Is é an Dr Tadhg Ó Dúshláine a scríobh script an chláir, agus tá sleachta ón litríocht agus ón bhéaloideas san áireamh. Is iad na haisteoirí Bríd Ní Neachtain agus Diarmuid de Faoite a bheidh le cloisteáil ann, agus iad ag taisteal ó stáisiún go stáisiún ar an DART, ag tabhairt an lucht éisteachta ar thuras samhailteach, spioradálta. As Conamara ó dhúchas do Bhríd Ní Neachtain, aisteoir aitheanta a bhíonn le feiceáil go rialta ar stáitse agus ar an scáileán. Tá aithne mhaith ar Dhiarmuid de Faoite freisin, agus ní mar aisteoir amháin, ach mar stiúrthóir agus scríbhneoir freisin. Is scríbhneoir agus file é Tadhg Ó Dúshláine, agus tá sé ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Máiréad Uí Dhomhnaill léiritheoir an chláir. Maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann le airgeadú ón gceadúnas teilifíse. Beidh Dartstáisiúin le cloisteáil Dé hAoine 18 Aibreán 2 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:34:55

Admin/login Comments RSS

ILBF