Clár faoi Dhornálaí Acla buacach ag Féile na Meán Ceilteach 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Clár faoi Dhornálaí Acla buacach ag Féile na Meán Ceilteach 2014

 

 

Thug clár faisnéise a choimisiúnaigh TG4 agus a chraol an cainéal coicís ó shin duais leis inniu ag Féile na Meán Ceilteach 2014 atá ar bun i gCorn na Breataine. Bronnadh an Torc don Chlár Spóirt is Fearr ar an gclár Croí Trodach. Tugann an clár léargas ar shaol agus ar éachtaí Johnny Kilbane, dornálaí de bhunadh Acla, a rugadh i gCleveland na Stát Aontaithe in 1889. Bhásaigh a mháthair agus é ina pháiste agus bhí a óige dian go maith air. Ach léirigh sé cumas mar dhornálaí agus thuig go luath go raibh an mianach ann a shlí mhaireachtála a bhaint as. Rinne sé dul chun cinn maith agus bhuaigh sé Craobh Cleitmheáchain an Domhain i 1911. Choinnigh sé a ghreim ar bheilt na craoibhe sin ar feadh aon bhliain déag, an tréimhse is faide riamh ag aon churadh domhanda sa meáchan seo, roimhe ná ó shin. Tar éis dó éirí as, chruthaigh sé go maith sa saol freisin agus d’éirigh leis postanna sinsearacha riaracháin a bhaint amach ina chathair dhúchais. Bhásaigh sé i 1957. Tá sráid ainmnithe dó i Cleveland agus nochtadh dealbh de in Acaill anuraidh nuair a bhí teacht le chéile ansin ag muintir Ghiolla Bháin fré chéile. Duine acu sin, Des Kilbane, gaol sínte leis an dornálaí, a chuir an clár seo le chéile agus is é an comhlacht neamhspleách Midas a léirigh do TG4. Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús sula roghnaítear an scoth mar ghearrliosta don chomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i bPort Ia (St Ives) i gCorn na Breataine as seo go hAoine ( 2-4 Aibreán).

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-23 08:17:08

Admin/login Comments RSS

ILBF