Clár Fáisnéise ar RnaG: Atheagar ar earnáil na Gaeilge – bhfuil ag éirí leis?
Oct | 16 | 14
náisiúnta, nuacht, Nuacht24
lár Fáisnéise: Atheagar ar earnáil na Gaeilge - bhfuil ag éirí leis? Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair ag 1.15 pm, craolfar an clár Spiorad an Chomhluadair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, agus an tionchar a bheidh ag an atheagar ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge orthu. Is i gCorca Dhuibhne a taifeadadh an clár faisnéise seo, áit a raibh an craoltóir Fachtna Ó Drisceoil agus a theaghlach ar shaoire Gaeltachta eagraithe ag Glór na nGael, saoire a bhíodh á heagrú ag Comhluadar go dtí seo. Ba iad tuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge a bhunaigh an eagraíocht Comhluadar chun tacaíocht, eolas agus seirbhísí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaelacha. Go dtí i mbliana, bhí an eagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge ach mar chuid den atheagar a fógraíodh i mbliana, áfach, cuireadh deireadh iomlán le maoiniú na heagraíochta, agus is faoi chúram Ghlór na nGael a bheidh a leithéid feasta. Ba é Saoire Gaeltachta 2014 an chéad teist den socrú nua. Sa chlár Spiorad an Chomhluadair le Fachtna Ó Drisceoil, feicfimid conas mar a éiríonn leis an saoire faoi stiúir fhoireann Ghlór na nGael. An bhfreastalóidh na teaghlaigh céanna air? An mbláthóidh obair na dteaghlach laistigh de mhór-eagraíocht a bhfuil go leor cúramaí eile air? Agus cén tairbhe a bhainfidh teaghlach Fhachtna féin as an tseachtain? Sin roinnt de na ceisteanna a fhiosraítear sa chlár Spiorad an Chomhluadair Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair ag 1.15 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.