CINN MHARA AN CHÉAD BHAILE CHUN BAGHCAT A DHÉANAMH GO HOIFIGIÚIL AR IOSRAEL

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

CINN MHARA AN CHÉAD BHAILE CHUN BAGHCAT A DHÉANAMH GO HOIFIGIÚIL AR IOSRAEL

Tá Cinn Mhara i gCo an Chláir ar an chéad bhaile sa tír chun baghcat a dhéanamh ar earraí Iosraelach de réir tuairisc sa Clare Champion. Deir Vicky Donnelly agus Frank Naughton gur shocraih siad moladh a dhéanamh do lucht gnó an bhaile agus go raibh lúcháir an domhain orthu nuair a d’aontaigh gach duine acu ar bhaghcat a dhéanamh feasta ar earraí Iosralacha.
Dar le Vicky Donnelly go raibh náire saolta orthu nuair a chinn an tAire Gnóthaí Eachtracha ar staonadh i vóta lucht cearta daonna ag na Náisiúin Aontaithe agus gur chinn siad ar rud a dhéanamh a mbeadh éifeacht leis. Deir Kevin Squires ó Chumann Dlúthpháirtíochta na Palaistíne in Éirinn gur mhór an spreagadh dóibh cinneadh Chinn Mhara. Dar leis gur seo an chéad bhaile sa tír, de réir a n-eolas, a chinn air seo agus go bhfuil siad muiníneach go leanfaidh bailte is cathracha eile an deashampla seo.Dar le Séadhna Tobin ó Kinvara Pharmacy gur deistín léi a bhfuil ar bun le treascairt Gaza agus amach anseo go mbeidh siad ag fáil rogha ar leithéidí an Dead Sea Magic chun a deistín a chur in iúl.Dar léi nach bhfuil sí polaitiúil ach go bhfuil sí iontach corraithe faoi Gaza. Tá Sharon Shannon, a bhfuil dlúthcheangal aici le Cionn Mhara, chun an dearbhú baghcait ag ealaíontóirí Éireannacha a shíniú. Tá tuairim is 350 ealaíontóir luaite leis an bhaghcat seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:19:22

Admin/login Comments RSS

ILBF