‘Chuir an rud a dúirt Ard Mhaistir an Oird olc ar go leor daoine i mBéal Feirste Thoir’ – Linda Ervine

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Linda Ervine, atá ag obair chun cur leis an Ghaeilge I mBéal Feirste Thoir gur ionadh léi an méid a bhí le rá ag Ard Mhaistir an Ord Oráistigh George Chittick, nuair a labhair sé ag ócáid lucht brataigh i mBéal Feirste inné. Arsa an Bhean Uasal Ervine, ‘Bhí iontas orm faoinar dúirt sé’ ar sise. ‘Bhí cainteanna agam leis an Ord Oráisteach anuraidh agus dar liom an t-am sin go raibh suim mhór acu san obair atá ar bun agam. Tá a fhios agam go bhfuil cuid mhór daoine I mBéal Feirste ar olc leo an méid a dúirt an tUasal Chittick. Bhí go leor teachaireachtaí agam I rith na hoíche ó dhaoine atá feargach faoinar dúradh. Má thagann tú isteach I rang s’againne buailfidh tú  le baill an DUP, baill Pháirtí an Chomhaontais, baill den UUP agus baill den PUP agus iad uilig ag foghlaim na Gaeilge.’ Mhol sí do Uasal Chittick teacht ar chuairt chucu leis an obair atá ar bun acu a fheiceáil dó féin nó ar léi go rachadh sé I bhfeidhm go mór air.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive