Ceoltóirí Óglaigh na hÉireann ag ceol ag ‘Ceiliúradh’ sa Royal Albert Hall

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceoltóirí Óglaigh na hÉireann ag ceol ag ‘Ceiliúradh’ sa Royal Albert Hall, Déardaoin an 10ú Aibreán 2014

Beidh ceoltóirí de chuid Óglaigh na hÉireann ag ceol anocht ag ‘Ceiliúradh’, ceiliúradh ar cheol agus ar chultúr na hÉireann sa Royal Albert Hall i Londain i láthair an Uachtaráin Michael D. Higgins agus Diúc agus Bandiúc Kent mar chuid de chuairt Stáit stairiúil an Uachtaráin. Déanfaidh ceoltóirí agus banna píb Óglaigh na hÉireann in éineacht le Banna an Irish Guards cóiriú speisialta ar ‘The Minstrel Boy’ agus beidh sé ar bhuaicphointe stairiúil an chláir ceoil ar leith seo. I measc na gceoltóirí agus na bpearsana eile sa cheolchoirm ar leith seo beidh Elvis Costello, Imelda May, Olivia O’Leary, Dermot O’Leary, Donal Lunny, Glen Hansard agus Eimear Quinn i measc daoine eile. Beidh an ceolchoirm beo ar an RTÉ Player ag 8.25pm agus craolfar ar theilifís RTÉ One é ag 10.15 pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:55:22

Admin/login Comments RSS

ILBF