Ceoltóir a chum ‘Men Behind the Wire’ i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ceoltóir a chum an t-amhrán ‘The Men Behind the Wire’ i ndiaidh a bháis.

Ba as Bóthar na bhFál i mBéal Feirste do Paddy Mc Guigan ach cónaí air le roinnt blianta anois i bPort Reachran  faoi chóngar do Bhaile Átha Cliath. Chum sé an t-amhrán i ndiaidh do rialtas Stormont imtheorannú a chur ar bun i mí Lúnasa 1971 agus rinne é a thaifead lena ghrúpa ‘The Barleycorn.’

Éisíodh an cheirnín ar 14 Nollaig 1971 agus dhíol an dúrud cóip láithreach. Bhain an t-amhrán uimhir 1 amach i gcáirteanna na hÉireann ar 22 Eanáir 1972.

Dhíol sé níos mó cóipeanna ná aon cheirnín Éireannach sna cáirteanna roimhe sin. Cuireadh na dleachta ón cheirnín ar fáil chun cuidiú le gaolta iad sin a bhí i mbraighdeanas. 

Ar ball cuireadh Paddy Mc Guigan féin faoi bhraighdeanas, rud a chonachthas mar dhíoltas arm na Breataine is an RUC as an amhrán a chumadh. Rinne an ceoltóir Dido línte ón amhrán a chur isteach in amhrán dá cuid.

Chum Paddy Mc Guigan roinnt amhráin reibiliúnaithe eile, orthu sin ‘The Boys of the Old Brigade.’

Cailleadh é Lá na Féile Pádraig i ndiaidh dó a bheith tinn le tamall anuas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:37:26

Admin/login Comments RSS

ILBF