Ceolchoirm Cheiliúrtha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceolchoirm Cheiliúrtha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i Maigh Cuilinn Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte roimh an bpobal a bheith ina gcuideachta ag coirm mhór cheoil agus damhsa Dé Sathairn 8 Márta sa Forge i Maigh Cuilinn do Lá le Pádraig. Déanfar taifead ar an gcoirm, agus craolfar é ar Raidió na Gaeltachta ar Lá le Pádraig ag 7 pm. Séan Bán Breathnach a bheidh ina fhear an tí. Beidh ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí den chéad scoth ar an ardán ar an oíche, agus idir cheol traidisiúnta, cheol tíre, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós acu dúinn. Ar na ceoltóirí atá deimhnithe go dtí seo don oíche, tá Patrick Connolly; an damhsóir Gearóid Ó Dubháin; na hamhránaithe sean-nóis Nan Tom Teaimín de Búrca Amhránaí na Bliana 2014 TG4, Briocán Bairéad agus Bríd Ní Mhaoilchiaráin; Cór Chois Fharraige; Maidhc Ó hÉanaigh agus Dáire Bracken; Avril Rushe agus Piaras Ó Cuív; agus craobh Mhaigh Cuilinn de CCÉ. Beidh an choirm ar siúl sa Forge i Maigh Cuilinn. Osclóidh na doirse ag 7.45 pm agus cuirfear tús leis an gceol ag 8pm. Níl táille ar bith ar an doras. Tá súil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeidh sibh in ann a bheith inár gcuideachta don cheiliúradh ceolmhar seo. Beidh an choirm le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Lá le Pádraig ag 7pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:46:25

Admin/login Comments RSS

ILBF