Ceol lenár gcomharsan Ceilteach ag Rónán Beo @3

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preasráiteas
RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ceol lenár gcomharsan Ceilteach ag Rónán Beo @3 do Sheachtain na
Gaeilge

Beidh ceiliúradh Ceilteach ar Rónán Beo @3 Dé Céadaoin agus Déardaoin an tseachtain
seo do Sheachtain na Gaeilge.

Dé Céadaoin ag 3 pm beidh seisiún a taifeadadh beo sa stiúideo le Ruth Keggin as
Oileán Mhanainn le cloisteáil againn. Beidh amhráin thraidisiúnta agus
chomhaimseartha i nGaeilge Oileáin Mhanainn ag Ruth dúinn óna dlúthcheirnín úr
‘Sheear’ (Siar).  Beidh na sárcheoltóirí James Lindsay ar an dord dúbailte agus Dave
Pearce ar an ghiotár ina cuideachta.  Deir Ruth go bhfuil athbheochan ag tarlú ó
thaobh na teanga ar Oileán Mhanainn, agus go bhfuil lúcháir uirthi féin deis a
bheith aici na hamhráin Mhanainnise a chur os comhair an phobail.

Déardaoin, beidh ceol ón ghrúpa Albanach Dàimh ag Rónán dúinn, agus bhí an ball is
úire den ghrúpa sin, Griogair Labhruidh, sa stiúideo leo freisin.  Tá aithne mhór ag
éisteoirí Raidió na Gaeltachta i dTír Chonaill ar Ghriogair, mar gur eisigh  sé
dlúthcheirnín le Doimnic Mac Giolla Bhrighde as Gaoth Dobhair cúpla bliain ó shin,
agus is iomaí gig atá déanta aige sa tír seo, go háirithe ag an Chabaret Craiceáilte
i nGaoth Dobhair, Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus ag Picnic na hAibhléise.

Tá Gríogair sa ghrúpa Dàimh anois le tamall anuas, grúpa a bhfuil iomrá mhór leo in
Albain le cúig bliana déag.  Bíonn siad le feiceáil ar an BBC go minic, agus bhí
siad ainmnithe do ghradam ceoil traidisiúnta Scots cúpla uair.  Tá fuinneamh ar
dóigh acu, agus meas mór ar bhaill an ghrúpa, Angus Mc Kenzie, Damien Helliwell,
Gabe Mc Varish, Ross Martin, agus Griogair, mar cheoltóirí.

Sin Rónán Beo @3 Dé Céadaoin agus Déardaoin ag 3pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:49:02

Admin/login Comments RSS

ILBF