Ceol, Amhráin agus siamsaíocht den scoth ag Gradam Ceoil TG4 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceol, Amhráin agus siamsaíocht den scoth ag Gradam Ceoil TG4 2014

Beidh sé ina cheiliúradh binn ag duais-bhronnadh Ghradam Ceoil TG4 2014 i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn seo chugainn, 12 Aibreán 7.45pm.

Tiocfaidh na duaiseoirí agus a gcairde ar an láthair don cheolchoirm bronnta ag ceann de mhór-imeachtaí an cheoil traidisiúnta i mbliana.   Tá Gradaim le bronnadh ar dhaoine ó na cúigí ar fad agus is ceoltóir aitheanta gach duine acu sin.  Is ar an mBéal Feirsteach, Harry Bradley na feadóige móire (agus na bpíobaí) a bhronnfar an Gradam Ceoil féin (Ceoltóir na Bliana).   Gheobhaidh Cláiríneach an chonsairtín,  Chris Droney,  an Gradam Saoil.  Is í fonnadóir Charna,  Nan Tom Taimín de Búrca  Amhránaí na Bliana, agus is iad Mick O’Brien, a iníon Aoife agus Emer Moyock a gheobhaidh an Gradam Comhar cheoil dá saothar ar Thogra Goodman.     Fillfidh an Dr Mick Maloney, ceoltóir ildánach agus fear léinn ar a chathair dhúchais chun an Gradam Aitheantais a fháil.  Beidh an boscadóir as Sliabh Luachra  Bryan O’Leary ar an stáitse freisin lena Ghradam mar Cheoltóir Óg na Bliana a fháil. (Nótaí beathaisnéise ar gach duaiseoir ag http://www.gradam.ie/index.php/gradam-ceoil-tg4-2/)

Is iad Muireann Nic Amhlaoibh agus Páidí Ó Lionáird  a chuirfidh an ócáid  i láthair agus ar na haoi-cheoltóirí a bheidh ar an ardán beidh Cherish the Ladies, Michelle, Louise & Mick Mulcahy, Davy Maguire, Tara Diamond, Colm Guilfoyle, Gearóid Ó Duinnín, Ann Droney, Gary Ó Briain agus  Antóin Mac Gabhann.

Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí gach bliain agus bronntar píosa dealbhóireachta le John Coll agus duais airgid orthu.

 

Deir Ardstiúrthóir TG4  Pól Ó Gallchóir  go bhfuil tábhacht ar leith leis an nGradam. Ceoil. “Deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín, laochra ceoil a shaibhríonn agus a mhaisíonn an saol agus cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil.”

Ticéid ar fáil ó www.uch.ie  nó  061-331549

Craolfar Gradam Ceoil TG4 ar an gcainéal Domhnach Cásca, 20 Aibreán ag 9.30pm.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:20:55

Admin/login Comments RSS

ILBF