‘Ceisteanna sa bhaile’ a thug ar Éire pacáiste tarrthála a lorg – Banc Ceannais na hEorpa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Banc Ceannais na hEorpa go léiríonn an ceithre litir a chuir siad ar fáil go poiblí inniu gur ‘ceisteanna sa bhaile’ a thug ar Éire iarratas ar phacáiste tarrthála a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais. Dar leo nár bhrúigh an aon litir amháin, an litir a chuir an BCE chuig Brian Lenihan ar 19 Samhain 2010, nár bhrúigh sé ar an rialtas pacáiste tarrthála agus gach  a bhain lena leithéid de phacáiste ón IMF is ón BCE, a lorg. Bhí a mhalairt tuairime ag go leor tráchtairí, polaiteoirí agus eile a nocht tuairim feadh an lae inniu gur léirigh an litir a foilsíodh ar an Irish Times ar maidin go raibh an Bhanc Ceannais san Eoraip ag cur a ladhar isteach i ngnóithe inmheánach bhallstáit.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:34:30

Admin/login Comments RSS

ILBF