Ceisteanna le freagairt ag an BBC ar mhaslú na Gaeilge – Ó Donnghaile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceisteanna le freagairt ag an BBC ar mhaslú na Gaeilge – Ó Donnghaile

Dúirt an Comhairleoir Sinn Féineach Niall Ó Donnghaile gur cheart don BBC amharc arís ar an bhealach a phléann sé le pobal na Gaeilge.

Bhí Ó Donnghaile ag caint i ndiaidh dó gearán a dhéanamh faoin íde béil a bhí dírithe air faoin Ghaeilge ar The Nolan TV Show.

Dúirt Niall Ó Donnghaile:

“Níl an drochmheas a léiríodh dom agus do phobal na Gaeilge ar an chlár ar an 5ú Samhain inghlactha ar bhealach ar bith.

“Bhí mé ar an chlár le plé a dhéanamh ar an mhagadh mhaslach ar an Ghaeilge a rinne CTR de chuid an DUP Gregory Campbell sa Tionól Reachtaíochta.

“Ach rinneadh an chaint mhaslach seo a rá arís agus arís eile ar an chlár teilifíse ar bhealach a bhí dár liom ciníoch nach mór. Agus rinneadh seo in iarracht le hábhar magaidh a dhéanamh de na maslacha! Níl an t-iompar seo inghlactha.

“Masla a bhí ann domsa agus do phobal iomlán na Gaeilge. Geallaim nach mbeadh a leithéid seo inghlactha in áit ar bith eile ina bhfuil an BBC ag feidhmiú.

“Caithfidh an BBC an cheist a fhreagairt an bhfuil caighdeán difriúil iompair acu i leith phobal na Gaeilge ná mar atá acu do ghrúpa teanga nó do ghrúpa eitneach ar bith eile.

“Sin an fáth a scríobh mé chuig an BBC le gearán a dhéanamh faoin cheist seo. Tá súil agam go mbeidh soiléiriú agam ar na ceisteanna a thóg mé go luath.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive