Ceist na ndaoine gan dídeán ina ‘bheocheist’ – cruinniú mullaigh á beartú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt an tAire Timpeallachta Alan Kelly inniu go mbeidh sé ag bualadh Déardaoin le hionadaithe na gcomhairlí i mórchathaair Bhaile Átha Cliath, mar aon le hionadaithe ó ghrúpaí deonacha agus cléir áirithe féacháil le teacht ar bhealach chun plé ar shlí níos fearr le fadhb easpa dídine. Bhí sé ag caint i ndiaidh don Ardeaspag Diarmuid Martin cur in iúl go mbeidh an Eaglais Chaitliceach ag cur ar fáil foirgneamh le spás do 30-40 duine gan dídeán sa phríomhchathair roimh an Nollaig. Agus bhí cáineadh láidir ar maidin ó Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath Christy Burke ar an scannal a bhaineann le duine a bheith ag fáil báis ar staighre tí faoi cúpla scór slat den Dáil. Agus é ag caint tráthnóna dúirt an tAire Kelly go mbeidh sé ag bualadh le grúpaí is daoine éagsúla faoi phráinn ach gur mó ná airgead is maoiniú. Dar leis go bhfuil an stát ag caitheamh os cionn €1 billiún ar thacaíocht do tithíocht agus do tógáil tithe mar aon le bheith ag cur leis an bhuiséad do seirbhísí a gcuidíonn le daoine gan dídeán. Ach dar leis gur cheist chasta í easpa dídine nach féidir a réiteach le maoin amháin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:49:24

Admin/login Comments RSS

ILBF