Ceiliúradh teanga á reáchtáil ag Gaelchultúr

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ag ócáid a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, déanfar ceiliúradh ar an ilghnéitheacht teanga agus chultúrtha san Eoraip. Tá Lingua + Musica á eagrú ag an gcomhlacht Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, chun Lá Eorpach na dTeangacha 2013 a cheiliúradh, agus is é an phríomhsprioc atá leis an imeacht ná tábhacht an ilteangachais a chur ar a súile don phobal.

Beidh an t-imeacht ar siúl sa Mercantile (www.mercantile.ie) ar Shráid an Dáma i lár na cathrach agus cuirfear tús leis ar 7.00pm. Beidh cead isteach saor in aisce i gceist.

 

Sa chéad chuid den oíche, beidh ceardlann teanga agus amhránaíochta ar siúl. Múinfear comhrá simplí i gceithre theanga éagsúla don lucht éisteachta agus tabharfar deis dóibh ansin siúl timpeall an tseomra agus na comhráite sin a chleachtadh lena chéile. Múinfear amhráin i dteangacha éagsúla don lucht éisteachta ansin.
Beidh ceol agus amhráin ó réimse tíortha agus teangacha le cloisteáil sa dara cuid den oíche, a thosóidh ar 9.00pm. I measc na n-aíonna a ghlacfaidh páirt ann, beidh an grúpa traidisiúnta fuinniúil The Bonny Men; an t-amhránaí Spáinneach/Seiceach Katerina García; an t-amhránaí agus cláirseoir Síle Denvir as Conamara; an veidhleadóir eisceachtúil sin Patrick Collins ón Café Orchestra, a bheidh á thionlacan ag an ngiotáraí Seiceach David Fiedler; agus an damhsóir Sibéal Davitt.

 

Beidh seastán ag eagraíochtaí éagsúla teanga, Instituto Cervantes agus an Goethe-Institut ina measc, ag an imeacht agus tabharfaidh siad eolas mar gheall ar na cúrsaí atá á dtairiscint acu don phobal.

 

Rinneadh ceiliúradh ar an éagsúlacht teanga san Eoraip le linn Bhliain Eorpach na dTeangacha in 2001. D’éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Comhairle na hEorpa Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh gach bliain ar an 26 Meán Fómhair. (Cuireadh imeacht na hÉireann ar athló i mbliana de bhrí go raibh sé ag teacht salach ar Arthur’s Day.)

 

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Lingua + Musica ach glaoch ar Ghaelchultúr ag an uimhir (01) 484 5220 nó ríomhphost a chur chuig eolas@gaelchultur.com.

 

Is féidir agallaimh a eagrú do na meáin ach teagmháil a dhéanamh le hÉamonn Ó Dónaill (Gaelchultúr) ag an uimhir (086) 407 3284 nó le Rónán Mac Murchaidh (Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn) ag (01) 634 1111.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive