Ceiliúradh ar ghníomh Óglaigh 1790í ar son Chaitliceach Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Ba mhór ag Forbairt Feirste tú a bheith i láthair ar 11.00rn Dé hAoine 30ú Bealtaine 2014, os comhair Teach a’ Phobail Naomh Mhuire, Cearnóg an Bhainc, Béal Feirste don imeacht stairiúil Ceiliúradh na nÓglach. Nuair a dhéanfaidh daltaí Coláiste Feirste athachtú ar an gharda ónóra a thug Óglaigh Bhéal Feirste don Ath Aodh ó Domhnáill agus é ar a bhealach chun Aifreann a léamh don chéad uair i dTeach Pobail Naomh Mhuire 230 bliain ó shin ar an 30ú Belataine 1784.

 

Ba mhór againn fosta tú bheith linn ina dhiaidh i Halla Naomh Mhuire, Béal Dorais, áit a mbeidh tae, caifé, ceapairí agus cuideachta óna 12nóin go dtí 1.00in

 

Ba chomplachtaí mhílíste de shaoránaigh féin-rialaithe iad na hÓglaigh ar bunaíodh iad ar fud na hÉireann ó 1778 ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhagairt d’ionradh féideartha ón Fhrainc nuair a tharraingíodh arm na Breataine ón tír le páirt a ghlacadh i gCogadh Saoirse Mheiriceá. Spreag an cur chuige féin-rialaitheach seo nósanna daonlathach liobrálach agus nós an radacachais I measc na mbaill, go háirithe sna contaetha tuaisceartacha d’Éirinn.

 

Bhí na complachtaí Feirsteacha chun tosaigh maidir le héileamh i dtaca le fuascailt na gcaitliceach da gcomhsaoránaigh agus ba ina measc siúd fosta a rinneadh na céad caitlicigh a earcú sna 1780í.

 

Bhailigh an céad agus an dara Complacht Feirsteach airgead le haghaidh tógáil an Céad Séipéal Caitliceach i mBéal Feirste ó tháinig ann do na péindlíthe. Ár lá oirnithe an tSéipéail rinneadh scuaine d’Óglaigh ar an dá thaobh de clós tosaigh an tSéipéal agus shiúil an sagart Paróiste an tAth Aodh Ó Domhnáill fríd na ranganna d’Óglaigh chun an céad Aifreann a cheiliúradh. Agus é ar a bhealach rinne na hÓglaigh e a bheannú lena gcuid airm sula ndeachaigh siad isteach chun aifrinn.

 

Faoin bhliain 1794 bhí cuid mhaith de na hÓglaigh bainte leis na hÉireannaigh Aontaithe agus lena fheachtas siúd le haghaidh neamhspleáchais agus rinneadh an eagraíocht a scór ar ordú ó Chaisleáin Bhaile Átha Chliath.

 

Le tuilleadh eolais a fháil  déan teagmháil le jake@forbairtfeirste.com nó scairt air 02890438597 nó 07739875309

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:32:38

Admin/login Comments RSS

ILBF