Ceathrar á gceistiú faoi €80m de chocaon

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir péas na Breataine gur ghabh siad fear aréir in Leeds Shasana lena cheistiú faoi lasta de dhrugaí a aimsíodh nuair a ghabh dhá long de chuid an chabhlaigh an bád Mayakabella amach ó chósta na hÉireann. Ghabh siad triúr fear ar bord na loinge, triúr a bhí cloíte le tuirse de réir lucht a ngabhála agus beidh siad sin á gceistiú ar ball inniu ag dá stáisiún de chuid an Gharda i gcathair Chorcaí. Tuigtear go bhfuair péas ar mhór roinn na hEorpa scéala go raibh lasta ollmhór drugaí ar an bhealach ó Mheiriceá Theas go Sasana agus go raibh comhoirdniú idir roinnt péasfhórsa chun go ngabhfaí an bád seo 250 míle ó dheas de chósta Chorcaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:40:29

Admin/login Comments RSS

ILBF