Ceartú ar phreasráiteas ULTACH

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceartú ar phreasráiteas ULTACH

 

A chairde

 

Gabhann ULTACH a leithscéal mar gheall ar fhíric mhíchruinn sa phreasráiteas a eisíodh ar 20 Eanáir 2014.

 

Níl sé fíor gur chaill Comhaltas Uladh a neamhspleáchas.

 

Thíos faoi gheobhfar leagan ceartaithe den phreasráiteas

 

le meas

 

Aodán Mac Póilin

 

 

Preasráiteas Iontaobhas ULTACH

 

(English follows below)

 

20 Eanáir 2014

Deireadh le croí-mhaoiniú gach eagras Gaeilge i dTuaisceart Éireann

 

Ar 17ú Eanáir, d’fhógair Foras na Gaeilge na sé eagras a leanfaidh bun-mhaoiniú acu. Tá siad uilig lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Ó mhí Iúil 2014 ar aghaidh, ní bheidh bunmhaoiniú ar bith ann do na seacht n-eagras atá lonnaithe sa tuaisceart.

 

Dúirt Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas ULTACH Trust, ceann de na heagrais a chaillfidh maoiniú:

 

“Ní chuireann an cinneadh seo iontas orainn. Chuaigh Foras na Gaeilge chuig na sé eagras a roghnaíodh i bhfómhar na bliana 2012 ag fiafraigh cé acu a bheadh siad sásta feidhmiú mar cheanneagras ar bhonn uile-oileánda. Ní dheachaigh siad de chomhair eagras ar bith sa tuaisceart. Bhí an margadh seo déanta i bhfad ó shin.”

 

“Creidimid go ndéanfar imeallú ar an tuaisceart mar gheall ar an tsocrú úr seo, agus go mbeidh an Ghaeilge ó thuaidh níos laige dá thairbhe. Fócas deisceartach a bheas ann feasta. Ainneoin go mbeidh dornán oibrithe ag na ceann-eagrais ar an taobh seo den teorann ní dóigh linn go mbeidh an saineolas, an chreidiúint, an éifeachtacht nó fiú an neamhspleáchas céanna acu agus a bhí ag na heagras a cuireadh go dtóin poill.”

 

“I dtaca le réimse oibre s’againn féin, tá an-bhuaireamh orainn nach mbeidh aon eagras bunmhaointhe ann anois a bheas dírithe ar chur chun tosaigh na Gaeilge ar bhonn trasphobail mar phríomh-chuspóir. Le cúpla bliain anuas tá borradh suntasach tagtha ar shuim an phobail Phrotastúnaigh agus aontachtaigh sa Ghaeilge, agus ní mó ná go dtig linn riar ar an éileamh ar son cainteanna, acmhainní agus cabhair phraiticiúil. Nuair a imeos muidinne, beidh daoine ag obair go fóill ar an talamh, ach ní bheidh aon eagraíocht ann atá tiomnaithe don obair sin, nó a bheidh in ann tacaíocht, maoiniú agus saineolas a roinnt leis na grúpaí sin atá ag tarraingt ar an teanga go húrnua don chéad uair.”

 

Cúlra

De thairbhe sraith cinnithe a rinne an Comhaireacht Thuaidh-Theas, an ceann is déanaí i mí Iúil 2013, aontaíodh go n-ísleofaí uimhir na n-eagras bunmhaointhe Gaeilge ó 19 go uimhir níos lú eagras uile-oileánda.

 

Bunaíodh Iontaobhas ULTACH in 1990 leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal uile Thuaisceart Éireann. Tá cúram ar leith air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn trasphobail.

 

Fuair cúig eagraíocht Pobal, Altram, Forbairt Feirste, an tÁisaonad agus Raidió Feirste maoiniú taréis Chomhaontú Aoine an Chéasta. Feidhmíonn siad go huile, nó ar an mhórchuid, i dTuaisceart Éireann. Maoineofar An tÁisaonad agus Raidió Feirste ar bhunús tionscnaimh ó seo amach.

 

Is iad seo na sé eagraíocht sa deisceart a leanfaidh bunmhaoiniú dóibh:

  • Gaelscoileanna (Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge)
  • Conradh na Gaeilge (Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
  • Gael Linn (Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile)
  • Oireachtas na Gaeilge (Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán)
  • Glór na nGael (Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta)
  • Cumann na bhFiann (Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga)

 

críoch

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:42:27

Admin/login Comments RSS

ILBF