Cearta Teanga Gaeilge & Gaeltachta Á gCur Ar Chlár na nIarrthóirí Ag Conradh na Gaeilge

gaeilge, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cearta Teanga Gaeilge & Gaeltachta Á gCur Ar Chlár na nIarrthóirí Ag Conradh na Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge má thoghtar iad.

Tá níos lú ná coicís fágtha sula reáchtálfar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ó thuaidh Déardaoin, 22 Bealtaine 2014, agus ó dheas Dé hAoine, 23 Bealtaine 2014, mar sin tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar gach duine le vóta ceisteanna maidir le tiomantas gach iarrthóra don teanga a chur ar na hiarrthóirí ar fad roimh ré, agus freagraí gach iarrthóra a lógáil le Conradh na Gaeilge trí shuirbhé ar-líne ag www.surveymonkey.com/s/toghchain2014 a líonadh.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá an t-eolas faoi thiomantas na n-iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha araon ar son na Gaeilge á bhailiú ag an bpobal ar son Chonradh na Gaeilge faoi láthair, eolas a bheidh fíorthábhachtach amach anseo leis na daoine a thoghtar a cheangal leis na gealltanais a dhéanfaidh siad do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna laethanta amach romhainn.”
Foilseoidh agus scaipfidh Conradh na Gaeilge ainmneacha na n-iarrthóirí a roghnaíonn todhchaí dár dteanga ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht, agus scaipfear an t-eolas i measc an mhórphobail freisin chomh fada is gur féidir roimh na toghcháin. Má roghnaíonn iarrthóir todhchaí don teanga, mínítear dóibh go mbeidh gníomh ar son na Gaeilge ag teastáil má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga, agus go mbeidh Conradh na Gaeilge i dteagmháil leo i ndiaidh na dtoghchán chun bearta éagsúla ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé leo.

Tá Conradh na Gaeilge ag fiafraí ar gach iarrthóir an bhfuil sé nó sí toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta atá ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil, agus an bhfuil sé nó sí sásta a fhógairt go poiblí gur mian leo go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is tréimhse chinniúnach í seo don Ghaeilge ar an iliomad bealaí, agus ní mór do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta seasamh le chéile chun tacaíocht ár bpolaiteoirí in Éirinn agus san Eoraip don teanga a chinntiú sula dtoghtar iad.”
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar iarrthóirí ó thuaidh an bhfuil siad sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster chun cearta teanga a chinntiú do phobal na Gaeilge ó thuaidh mar shampla, agus ar iarrthóirí Eorpacha an bhfuil siad sásta Gaeilge a labhairt go rialta agus mar ghnáthchleachtas i bParlaimint na hEorpa, nó a gcuid Gaeilge a fheabhsú mura bhfuil siad compordach le caighdeán a gcuid Gaeilge faoi láthair. Tá Conradh na Gaeilge ag moladh do gach vótálaí ceist áitiúil a chur ar iarrthóirí áitiúla freisin, ceisteanna maidir le comharthaíocht dhátheangach áitiúil, cóiríocht do Ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge sa cheantar, nó bunseirbhísí agus oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht b’fhéidir.

Tá bileog eolais Chonradh na Gaeilge do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar fáil ina hiomláine ar-líne ag http://issuu.com/cnag/docs/29ma2014_bileog_toghchan2014_rp.

Ní mór go mbeadh freagraí na n-iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha araon cláraithe ag www.surveymonkey.com/s/toghchain2014 nó le cearta@cnag.ie faoin Máirt, 20 Bealtaine 2014.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:36:57

Admin/login Comments RSS

ILBF