Cearta Iarchraolta rugbaí ag TG4 do mhór-chomórtais club na hEorpa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

                                                                                                                                    14 Deireadh Fómhair 2014

 

 

Cearta Iarchraolta rugbaí ag TG4 do mhór-chomórtais club na hEorpa

Corn na gCuradh agus an Corn Dúshláin

 

Dheimhnigh TG4 agus EPCR, lucht eagair na gcomórtas, go bhfuil cearta eisiacha iar-chraolta teilifíse in Éirinn faighte ag an gcainéal Gaeilge do chluichí sa dá phríomh-chomórtas nua-bhunaithe Eorpach do rugbaí na gclub, Corn Rugbaí na gCuradh agus an Corn Dúshláin.

 

Is iad seo an dá chomórtas atá bunaithe le gairid do scoth na gclub rugbaí san Eoraip agus beidh Laighin, Mumha agus Ulaidh páirteach i gCorn na gCuradh an séasúr seo agus Connachta páirteach sa gCorn Dúshláin. Imreofar na céad chluichí grúp-bhabhtaí sna comórtais an deireadh seachtaine seo chugainn agus arís faoi cheann seachtaine ina dhiaidh sin. Beidh dhá dheireadh seachtaine as a chéile de chluichí ann arís i lár mhí na Nollag agus arís i lár Eanáir 2015.

 

Tosóidh clúdach TG4’s ar an Satharn seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair ag 10.30pm, tráth a mbeidh buaicphointí le feiceáil ó thrí chluiche Sale Sharks v Mumha,   Leicester Tigers v Ulaidh (Corn na gCuradh)agus Connachta v La Rochelle (Corn Dúshláin).   Craolfar buaicphointí den chluiche Laighin v Wasps (Corn na gCuradh) ar TG4 ar an Luan 20 Deireadh Fómhair ag 8.30pm.

 

 

Fágann an socrú nua seo go bhfuil cearta ag TG4 anois ar gach ceann den trí chomórtas Eorpach do rugbaí na gclub gairmiúil agus go bhfuil snáth gléineach eile curtha i mbréidín spóirt TG4. Tá rogha tharraingteach rugbaí curtha ar fáil ag an gcainéal ar an teilifís saor go haer le bliain anuas – ina measc beo-chraoladh ar an tSraith PRO 12 (urraithe ag Guinness), beo-chraoladh ar éachtaí Mhná na hÉireann i gCorn an Domhain agus anois iar-chraoladh ar na comórtais is mó ar fad do chlubanna na hEorpa.

 

Ar na cearta craolta do spóirt eile atá ag an gcainéal, tá na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána, Craobh TG4 i bPeil na mBan, Craobhacha Peile ag Iomána na gClub, na Craobhacha Mionúr, faoi 21 agus Coláistí i bpeil agus in iomáint mar aon le leadóg Wimbledon, Peil faoi Rialacha Idirnáisiúnta, Rásaí Capall Lios Tuathail agus rothaíocht an Tour de France agus an Vuelta sa Spáinn.

Deir Pól Ó Gallchóir, Ardstiúrthóir TG4, gur cor suntasach é na cearta iarchraolta do na Coirn nua Eorpacha a bheith faighte ag an gcainéal. “Is é Corn na gCuradh príomh-chomórtas rugbaí na gclub sa taobh seo den domhan,” a dúirt sé “agus tar éis éachtaí Laighean, na Mumhan agus Uladh roimhe seo ina leithéid, beidh suim ar leith ann agus mór-éileamh air. Is breá linn go bhfuil na cearta seo faighte againne anois agus súil againn fosta go mbeidh Connachta ag dul chun cinn freisin sa Chorn Dúshláin,” a dúirt sé.

 

 

 

Cuir Aithne Orainn

@SportTG4 @TG4TV

www.facebook.com/TG4TV

www.flickr.com/photos/tg4

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:40:51

Admin/login Comments RSS

ILBF