Ceardlanna scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht i mBÁC, i nGaoth Dobhair

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ceardlanna scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht sa bhfómhar

Baile Átha Cliath & Gaoth Dobhair

 

Beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann i nGaoth Dobhair, á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht (CIC) i mí Dheireadh Fómhair. Scríbhneoirí gairmiúla a bheidh i bhfeighil na gceardlann. Díreoidh ceardlann Ghaoth Dobhair ar an scríbhneoireacht chruthaitheach den uile chineál agus díreoidh ceardlann Bhaile Átha Cliath ar an ngearrscéal amháin.

 

Tá na ceardlanna seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga nó nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Ceardlanna aon lae atá i gceist agus is féidir le scríbhneoirí a rogha a dhéanamh Gaoth Dobhair nó Baile Átha Cliath, pé acu is feiliúnaí dóibh.

 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna sampla dá saothar a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta Chló Iar-Chonnacht, Áine Ní Cholchúin. Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.

 

Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

 

Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist do na ceardlanna seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

 

BAILE ÁTHA CLIATH

Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí

Spriocdháta d’iarratais: 4 Deireadh Fómhair, 2013

 

Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal dá gcuid a sheoladh chuig CIC ag an seoladh thíos ROIMH an 4 Deireadh Fómhair, 2013.

 

Dáta: Dé Sathairn, 19 Deireadh Fómhair 2013

Ionad: Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc

 

GAOTH DOBHAIR

Á heagrú i gcomhar le Ciorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair

Spriocdháta d’iarratais: 11 Deireadh Fómhair, 2013.

 

Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair 2013

Ionad: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirt Ghnó Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Eilís Ní Dhuibhne

 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC ag an seoladh thíos ROIMH an 11 Deireadh Fómhair 2013.

 

SEOL SAOTHAR SAMPLACH:

 

Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile

Cló Iar-Chonnacht,

Indreabhán,

Co. na Gaillimhe.

Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:46:39

Admin/login Comments RSS

ILBF